Cúram, Forbairt, Feabhas.

Search - Categories
Search - Contacts
Search - Content
Search - News Feeds
Search - Tags

Scléip Craobh 2016

Ar Déardaoin 4 Feabhra, thaistil 17 scoláire ó Choláiste Lú go dtí an Amharclann Chlasaic i gCluain Tarbh chun páirt a ghlacadh i gCraobh Scléip 2016 (comórtas do Ghaelcholaistí le béim ar na healaíona comh-aimseartha). Tar éis cúpla míosa d’obair chrua ó na scoláirí agus Iníon Ní Channan, b’é seo Lá an Bhreithiúnais. Bhuaigh na scoláirí seo ón gcéad, dara agus triú bliain gach catagóir a chuir siad isteach ar sa réamhbhabhta i gCultúrlann Uí Channan, Doire i mí na Samhna agus bhí siad in iomaíoch le Gaelcholáistí eile ó timpeall na tíre Scoil Caitríona Glas Naíon, Coláiste an Phiarsaigh Corcaigh, Gaelcholáiste Luimnigh, Gaelcholáiste Chiarraí Trá Lí agus Coláiste Oiriall Muineachán. Bhí an caighdéan fíor-ard ach rinne Coláiste Lú éacht ag teacht abhaile le trí throfaí Uile

-Éireann! Tháinig ‘Na Reibiliúnaigh’ amach ag an mbarr lena leagan cruthaitheach de ‘Tíotáiniam’ le David Guetta, shiúil scoláire ón gcéad bhliain, Ruairí Mac Closcaí, abhaile an buaiteoir lena léiríu dochreidte de ‘Thunderstruck’ le ACDC ar an gconsairtín agus bhuaigh CLÚ (Justin Ó hÁgáin, Morgan Ní Challada-Raifeartaigh agus Princess Saliu) lena seinm cumhachtach de ‘Titim Spéire/Skyfall’ le Adele. Chomh maith leis an trí theideal seo, fuair ár gceathrú grúpa Lauryn Ní Riain, Fírinne Nic an tSaoir agus Sionainn Nic Cána ard-mholadh ó na moltóirí don a n-amhrán nua-chumtha ‘Mo Bhóthar’ agus bhí siad san iomaíoch don chéad áit ina gcatagóir! Cosúil lena n-íola Adele , Guetta agus ACDC, is léir go bhfuil todhchaí gheall sa cheol ag na reáltaí óga seo le CLÚ ag fáil cuiridh chun seinm ag Ravelóid (an chéad fhéile ag ceiliúradh an chultúr comhaimseartha Gaeilge in Éirinn) i rith an tsamhraidh ag roinnt an stáitse lena leithéid de Seo Linn, Altan, Delorentos, Kíla, Mundy, Ham Sandwhich agus The Riptide Movement.

Craobh2016