Cúram. Forbairt. Feabhas.

 
     
Guthán: +353 42 9352428 
Ríomhphost: colaistecc@lmetb.ie
Seoladh: Na Méirsí, Dún Dealgan, Co. Lú.

Sóisialta:

twit
   
   
 

Stáitse (Stage)

Scléip 2016

Comhghairdeas leis an Club Ceol agus Iníon Ní Channan a ghlac páirt i Scléip 2016 bábhta cáilithe Cúige Uladh.  Bhí cúig grúpaí againn a ghlac pháirt, Séasúir an Ghrá, Rang Aoife - Tréigthe, Justin Ó hÁgáin ar an bpianó, Lauren Ní Ríain agus an Idirbhliain.  Tá muid bródúil astu go léir, bhíodar ar fheabhas! Rachaidh Séasúir na Ghrá agus Justin Ó hÁgáin ar aghaidh chuig an craobh i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra.  Seo thíos roinnt físeáin ón lá. 

 

 

 

Scléip Craobh 2016

Ar Déardaoin 4 Feabhra, thaistil 17 scoláire ó Choláiste Lú go dtí an Amharclann Chlasaic i gCluain Tarbh chun páirt a ghlacadh i gCraobh Scléip 2016 (comórtas do Ghaelcholaistí le béim ar na healaíona comh-aimseartha). Tar éis cúpla míosa d’obair chrua ó na scoláirí agus Iníon Ní Channan, b’é seo Lá an Bhreithiúnais. Bhuaigh na scoláirí seo ón gcéad, dara agus triú bliain gach catagóir a chuir siad isteach ar sa réamhbhabhta i gCultúrlann Uí Channan, Doire i mí na Samhna agus bhí siad in iomaíoch le Gaelcholáistí eile ó timpeall na tíre Scoil Caitríona Glas Naíon, Coláiste an Phiarsaigh Corcaigh, Gaelcholáiste Luimnigh, Gaelcholáiste Chiarraí Trá Lí agus Coláiste Oiriall Muineachán. Bhí an caighdéan fíor-ard ach rinne Coláiste Lú éacht ag teacht abhaile le trí throfaí Uile

-Éireann! Tháinig ‘Na Reibiliúnaigh’ amach ag an mbarr lena leagan cruthaitheach de ‘Tíotáiniam’ le David Guetta, shiúil scoláire ón gcéad bhliain, Ruairí Mac Closcaí, abhaile an buaiteoir lena léiríu dochreidte de ‘Thunderstruck’ le ACDC ar an gconsairtín agus bhuaigh CLÚ (Justin Ó hÁgáin, Morgan Ní Challada-Raifeartaigh agus Princess Saliu) lena seinm cumhachtach de ‘Titim Spéire/Skyfall’ le Adele. Chomh maith leis an trí theideal seo, fuair ár gceathrú grúpa Lauryn Ní Riain, Fírinne Nic an tSaoir agus Sionainn Nic Cána ard-mholadh ó na moltóirí don a n-amhrán nua-chumtha ‘Mo Bhóthar’ agus bhí siad san iomaíoch don chéad áit ina gcatagóir! Cosúil lena n-íola Adele , Guetta agus ACDC, is léir go bhfuil todhchaí gheall sa cheol ag na reáltaí óga seo le CLÚ ag fáil cuiridh chun seinm ag Ravelóid (an chéad fhéile ag ceiliúradh an chultúr comhaimseartha Gaeilge in Éirinn) i rith an tsamhraidh ag roinnt an stáitse lena leithéid de Seo Linn, Altan, Delorentos, Kíla, Mundy, Ham Sandwhich agus The Riptide Movement.

Craobh2016

 

Scléip-Comórtas Réigiúnach

Bhí an Club Ceoil agus Iníon Ní Channan ag cleachtadh le haghaidh Scléip. Bhí na Reibiliúnaigh ag canadh Tíotáiniam. Bhí Ruairí ag seinnt Thun-derstruck ar an gconsairtín . Bhí mise, Morgan agus Justin AKA Clú ag seinnt Skyfall. Bhí Justin ag seinnt ar an bpianó agus bhí mise agus Morgan ag canadh. Bhí Lauryn ag canadh, bhí Fírinne ag seinnt an bpianó agus Shannon ag seinnt an veidhlin. Chan siad a n-amhrán féin a chum siad é iad féin. Bhuaigh muid agus tá muid tríd go dtí an babhta ceannais. Beidh sé i mBaile Átha Cliath ar an dara lá de mhí Feabhra. Ta muid ag tnúth go mór leis. Ar mbuíochas le Iníon Ní Channan as ucht a cabhrach agus treoir go léir.

 

Le Princess Saliu