Cúram. Forbairt. Feabhas.

 
     
Guthán: +353 42 9352428 
Ríomhphost: colaistecc@lmetb.ie
Seoladh: Na Méirsí, Dún Dealgan, Co. Lú.

Sóisialta:

twit
   
   
 

Nuacht (News)

Comórtas Eco Unesco

Ghlac an coiste glas (Lee, Cody, Dervla, Nicole agus Taylor)  páirt ar an Aoine (11ú Márta) i gcomórtas a bhí eagraithe ag Eco-Unesco. Bhí ar an ghrúpa cur i láthair ar feadh 5 nóiméad a dhéanamh os comhair na moltóirí. Bhí siad ag déanamh cur síos chuig na moltóirí faoi gach rud a bhí déanta an bhliain seo ó thaobh athchúrsáil sa scoil agus na hiarrachtaí le haghaidh an brat glas a fháil. Bhí siad neirbhíseach ach mhol na moltóirí iad ag an deireadh agus dúirt siad go bhfuil an grúpa ag déanamh poist an-mhaith sa scoil. 

Roimh an chur i láthair ghlac siad páirt i gceardlann mar shampla ag plandáil prátaí, ag foghlaim faoin na féileacáin agus ag foghlaim faoin bheach. 

Bhain gach duine sult as an Lá agus gheobhaidh muid amach na torthaí i mí Aibreán! Tá tuilleadh grianghraifeanna le féicéail in ár n-gailearaí.